Máirtín Ó Cadhain
ar dhuine de na scríbhneoirí próis is mó i stair litríocht na Nua-Ghaeilge / From Wikipedia, the free encyclopedia
Ba scríbhneoir Gaeilge é Máirtín Ó Cadhain (13 Feabhra 1906[1] – 18 Deireadh Fómhair 1970) agus áirítear é ar dhuine de na scríbhneoirí próis is mó i stair litríocht na Nua-Ghaeilge.[2][3] Foilsíodh trí úrscéal agus sé bhailiúchán gearrscéalta leis, chomh maith le hailt, aistriúcháin, léachtaí, béaloideas a bhailigh sé agus go leor eile. Cré na Cille an t-úrscéal an saothar is mó cáil a scríobh sé, agus aithnítear na gearrscéalta in An Braon Broghach go forleathan mar shárshaothair. Aithnítear cuid dá ghearrscéalta ar sheoda na litríochta nua-aimseartha. Meastar go coitianta go bhfuil Cré na Cille ar an úrscéal is úire agus is bunúsaí a tháinig ó aon scríbhneoir Éireannach ó aimsir James Joyce. Deirtear gur athchruthaigh Ó Cadhain prós na Gaeilge agus gur fhág léitheoirí is scríbhneoirí na teanga araon faoi chomaoin mhór aige.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1906 An Spidéal, Éire |
Bás | 18 Deireadh Fómhair 1970 63/64 bliana d'aois Baile Átha Cliath, Éire |
Áit adhlactha | Reilig Chnocán Iaróm |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste Phádraig, Droim Conrach |
Teanga dhúchais | an Ghaeilge |
Gníomhaíocht | |
Gairm | scríbhneoir, scríbhneoir próis, múinteoir ollscoile, léirmheastóir liteartha, aistritheoir |
Ball de | |
Teangacha | Gaeilge Chonnacht, Béarla agus an Ghaeilge |
Saothar | |
Saothar suntasach
| |
Teaghlach | |
Céile | Máirín Ní Rodaigh (1945–1965) |
Siblín | Seosamh Ó Cadhain |
Ba mhúinteoir scoile, sclábhaí feirme, ball d'Óglaigh na hÉireann, agóidí, aistritheoir le Rannóg an Aistriúcháin agus ollamh le Gaeilge é freisin. Ba mhinic é sáite i bhfeachtais pobail agus teanga agus chaith sé seal ina ghéibheannach.[4]
Déantar staidéar ar a shaothair ar chúrsaí tríú agus dara leibhéal in Éirinn agus ar fud an domhain.