Georg Wilhelm Friedrich Hegel
fealsamh Gearmánach / From Wikipedia, the free encyclopedia
Fealsamh Gearmánach ba ea Georg Wilhelm Friedrich Hegel (27 Lúnasa 1770 – 14 Samhain 1831) agus é ar an duine ba thábhachtaí san idéalachas Gearmánach. Meastar go bhfuil sé ar na fealsúna is bunúsaí i bhfealsúnacht nua-aimseartha an Iarthair agus tionchar aige ar ointeolaíocht, ar aeistéitic agus ar pholaitíocht.[1][2]
Is an t-éacht is mó a rinne Hegel an t-idéalachas a chur in iúl ar dhóigh shainiúil, rud a dtugtar “dearbh-idéalachas” air uaireanta, cé gurb annamh a bhaineann Hegel féin feidhm as an bhfocal seo. Úsáidtear é chun déachas na hintinne agus an nádúir, na suibiachta agus na hoibiachta, agus eile, a shárú. Tugann sé síceolaíocht, an stát, ealaín, reiligiún agus fealsúnacht le chéile trí fhealsúnacht an spioraid. Is mór an tionchar a bhí aige trí dhialachtaic an mháistir agus an daoir,[3] go háirithe sa Fhrainc sa fichiú haois.[4]
Tá tábhacht ar leith le coincheap an spioraid (Geist) mar léiriú stairiúil ar choincheap loighciúil na rudaí a chuireann i gcoinne a chéile, mar dhea: samplaí de sin is ea an chontrárthacht, i gcosúlacht, idir an riachtanas agus an tsaoirse agus idir imanacht agus tarchéimnitheacht. Tá baint aige seo leis an Aufhebung nó páirtchealú, ina gcealaítear eilimint i ndialachtaic ach í a bheith caomhnaithe fós mar pháirteilimint i sintéis.
Bhí tionchar ag Hegel ar a lán smaointeoirí a bhfuil tuairimí an-difriúla acu.[5] Maítear, mar shampla, go bhfuil an t-iarstruchtúrachas ag brath, mórán, ar a bheith in aghaidh an traidisiúin Hegelaigh.[6]