George Bernard Shaw
drámadóir Éireannach / From Wikipedia, the free encyclopedia
Drámadóir Éireannach ab ea George Bernard Shaw (Gaeilge: 'Seoirse Bearnard Ó Seách') (26 Iúil 1856 – 2 Samhain 1950).
Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...
Dún
Bhain Shaw Duais Nobel na Litríochta sa bhliain 1925. Ba é an drámadóir ba mhó le rá é lena linn.[1] Deirtear fós go bhfuil Shaw ar an dara drámadóir is mó a léirítear in amharclanna an domhain, sna sála ar William Shakespeare.
Phós sé Charlotte Payne-Townshend i Londain sa bhliain 1898, in aois 41 dó, pósadh áisiúlachta b'fhéidir agus clann ar bith.
Bhí Shaw ar an eite chlé go dtí na 1920idí. Níos déanaí, bhí an-mheas aige ar Stalin, Mussolini agus Hitler.
Fuair Shaw aois mhór (94): d'éag sé ar 2 Samhain 1950. Créamadh a chorp i Golders Green, Londain.