Giovanni Trapattoni
imreoir sacair agus bainisteoir Iodálach / From Wikipedia, the free encyclopedia
Is iar-imreoir peile Iodálach atá ag obair ina thraenálaí inniu é Giovanni Trapattoni, a rugadh i Milano na hIodáile ar an 17 Márta, 1939. Bhí sé i gceannas ar fhoireann náisiúnta na hÉireann ar feadh cúig bliana ó 2008 go 2013. Bhuaigh sé trí Scudetto (craobh na hIodáile) agus Corn na hEorpa faoi dhó mar chosantóir agus imreoir lár páirce leis an Milan.
Chaith sé tréimhse fhada rathúil mar thraenálaí le foireann na hIodáile, Bayern München i mBundesliga na Gearmáine, A.C. Milan, Internazionale agus Juventus i Serie A na hIodáile agus an fhoireann Ostarach, Red Bull Salzburg.
Is é Giovanni Trapattoni an traenálaí Iodálach is rathúla ag leibhéal na gclubanna: tá deich dteideal náisiúnta i gceithre thír dhifriúla buaite aige. Bhuaigh sé gach comórtas club UEFA agus an Corn Idirilchríochach nuair a bhí sé ina bhainisteoir ar Juventus.