Is údar Briotanach ficsin í Joanne Rowling (31 Iúil1965 a rugadh í), a thugtar J.K. Rowling uirthi don chuid is mó. Tá clú agus cáil ar Rowling mar gheall ar an tsraith Harry Potter atá scríofa aici. Scríobhann sí coirfhicsean faoin ainm cleite Robert Galbraith[1]. Tá neart duaiseanna bainte ag na leabhair ar fud an domhain.
Fíricí Gasta Ainm sa teanga dhúchais, Beathaisnéis ...
J. K. Rowling
Ainm sa teanga dhúchais
(en) Joanne Kathleen Rowling
Beathaisnéis
Breith
(en) Joanne Rowling 31 Iúil 1965 58bliana d'aois Yate, England
I 2003, mheas The Times go raibh Rowling an bhean is saibhre sa Ríocht Aontaithe, i bhfad níos saibhre arís ná Banríon Eilís II[2]. I 2019, mheas The Times gur fiú £750 milliún (€854 milliún) a maoin[3]. Sa lá inniu ann, tuilleann Rowling cuid is mó dá hairgead óna gnóthaí a bhaineann le Harry Potter, ar nós sraith scannán Fantastic Beasts agus Páirceanna Théama Harry Potter i Londain, Orlando agus Hollywood[4].