John Hume
Duine de mhórcheannairí an Phróisis Síochána i dTuaisceart Éireann, / From Wikipedia, the free encyclopedia
Duine de mhórcheannairí an Phróisis Síochána i dTuaisceart Éireann, comhbhunaitheoir an SDLP, agus comhbhuaiteoir Dhuais Nobel (1998) ab ea John Hume (a rugadh i nDoire ar an 18 Eanáir 1937 agus a fuair bás ar 3 Lúnasa 2020).[1][2]
Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...
Dún
Ar an 22 Deireadh Fómhair 2010, i bpobalbhreith a reáchtáil RTÉ, ainmníodh Hume mar "an tÉireannach is fearr riamh" i stair na hÉireann.[3] Ní éacht beag ná suarach é sin nuair a chuimhnímid ar chuid de laochra eile na hÉireann – Michael Collins agus James Connolly mar shampla – a bhí san iomaíocht leis. Bronnadh an gradam ar an Uasal Hume as a fheachtas gan staonadh ar son na síochána i dTuaisceart Éireann.[4]