Joseph Larmor
From Wikipedia, the free encyclopedia
Fisicí a rugadh i mBéal Feirste ab ea Joseph Larmor (11 Iúil 1857 – 19 Bealtaine 1942). Ollamh le fisic i gColáiste na Banríona, Gaillimh, ansin ollamh le matamaitic in Ollscoil Cambridge. Rinne sé taighde ar theoiric an leictreamaighnéadais agus teoiric leictreonach damhna.
Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...
Dún
D'fhoilsigh sé Aether and Matter (Éitear is Damhna, 1900).
Bhí a chuid oibre bunaithe ar an bhfisic chlasaiceach, ach léirigh sé laigí is cúnguithe na fisice clasaicí, agus conas a chabhródh teoiricí na coibhneasachta is na meicnice candamaí leis na laigí sin a dheisiú is an teoiric a iomlánú.
D'éag Larmor in Ard Mhic Nasca, Contae an Dúin, ar 19 Bealtaine 1942, in a0is 84 bliain dó.[1]