amhránaí Ceanadach / From Wikipedia, the free encyclopedia
B'fhile agus amhránaí as Ceanada é Leonard Norman Cohen (21 Meán Fómhair 1934 - 7 Samhain 2016) dathúil, tallannach, agus de chúlra gustalach Giúdach. "Oirfideach míorúilteach ar stáitse ab ea é ach seasann go leor de na liricí ar pár chomh maith".[1] Aitheanta i measc na scríbhneoirí ceoil is fearr agus is bisiúla ar domhan ar feadh 60 bliain, is liosta le háireamh iad na hamhráin chumhachtacha atá cumtha aige ó thosaigh sé amach sna 1950í, leithéidí ‘Halleljuah’, ‘So Long, Marianne’ agus ‘Suzanne’.[2]
Thug mórán daoine aitheantas dá stór ceoil, a bhí leathan agus éagsúil, agus fuair sé gradaim agus ardmholadh ó léirmheastóirí, agus bhí lucht éisteachta aige ó gach cearn ar domhan.[3]