Lonesome George
From Wikipedia, the free encyclopedia
Olltoirtís ab ea Lonesome George (nó El Solitario Jorge), as Páirc Náisiúnta Oileáin Galapagos (ar Oileán Pinta). Bhásaigh Lonesome George ar 24 Meitheamh 2012. Ba é an t-ainmhí ba theirce ar domhan é ag an am.[1] Measann daoine go raibh George tuairim is 100 bliain d’aois nuair a d'éag sé.
Is oileánra í an pháirc náisiúnta Galapagos agus bhí George ina shiombail di. Maireann orgánaigh ar leith inti nach mbíonn in áit ar bith eile ar domhan.