Lus mín
From Wikipedia, the free encyclopedia
Planda cumhra bliantúil a fhásann 60 cm ar airde is ea an lus mín.[1] Dúchasach don India agus iardheisceart na hÁise. Na duilleoga clúmhach, roinnte go mín i maotháin chaola líneacha. Na bláthanna buí, in umbail suas le 15 cm ar leithead. Na torthaí éilipseach, comhbhrúite go mór, dúdhonn le sciathán níos éadroime. Saothraítear mar luibh cistine é. Úsáidtear na síolta is na duilleoga mar bhlastáin.[2]
Tá a thuilleadh meán ag Cómhaoin Wikimedia
a bhaineann le: Anethum graveolens.