Lus na hoíche
From Wikipedia, the free encyclopedia
Planda téagartha ilbhliantúil leathanduilleach a fhásann suas le 1.5 m ar airde, dúchasach do réigiúin aolchlochacha is chailceacha san Eoraip, iarthar na hÁise agus tuaisceart na hAfraice. Na bláthanna neamhlonrach, 2.3-3 cm ar fhad, aonarach in ascaillí na nduilleog. An coróinín feadánach, cúigmhaothánach, scothdhonn/vialait. An chaor 1.5-2 cm ar trastomhas, snasta dubh, i gcupán an tseipil ghlais. Is támhshuanach an-nimhiúil gach cuid den phlanda mar go bhfuil na halcalóidigh atraipín, hióisciaimín is solainín ar a fhud.[1]
Fíricí Gasta Solanaceae, Tacsanomaíocht ...
Solanaceae | |
---|---|
Brugmansia insignis | |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Solanales |
Fine | Solanaceae Juss., 1789 |
Cineál tacsanomaíoch | Solanum |
Ainmníocht | |
Stádas ainmníochta | nomen conservandum |
Léarscáil de raon an tacsóin | |
Dún