Masc máinliachta
From Wikipedia, the free encyclopedia
Tá sé beartaithe masc máinliachta, ar a dtugtar masc gnáthaimh, nó masc míochaine nó go simplí mar masc aghaidhe,[1][2] a chaitheamh ag proifisiúnaigh leighis le linn na máinliachta agus le linn altranais chun na mbaictéar a scoitear i braoiníní leachta agus aerasóil ó bhéal agus shrón an neach atá á chaitheamh a ghabháil.
Níl siad deartha chun an caiteoir amháin a chosaint ó ionanálú baictéir aeriompartha nó cáithníní víris agus níl siad chomh héifeachtach ná análaitheoirí, mar shampla maisc N95 nó FFP, a sholáthraíonn cosaint níos fearr mar gheall ar a n-ábhar, a gcruth agus a shéala teann.[3][4]
Caitheann an pobal i gcoitinne maisc mháinliachta i gcaitheamh na bliana i dtíortha Oirthear na hÁise mar an tSín, an tSeapáin agus an Chóiré Theas chun an tseans go scaipfear galair aeriompartha a laghdú agus chun cáithníní deannaigh aeriompartha a chruthaíonn an truailliú aeir a chosc.[5] Ina theannta sin, is ráiteas faisin é maisc mháinliachta, go háirithe i gcultúr comhaimseartha Oirthear na hÁise arna neartú ag an tóir atá air i gcultúr pop na Seapáine agus na Cóiré a bhfuil tionchar mór aige ar chultúr óige Oirthear na hÁise. Níos déanaí, mar gheall ar an méadú atá ag teacht ar an toitcheo san Áise Thoir Theas úsáidtear maisc mháinliachta agus maisc aghaidhe go minic anois i gcathracha móra san India, i Neipeal agus sa Téalainn nuair a thagann meath ar cháilíocht an aeir go leibhéil tocsaineacha.
De bhreis air sin, úsáidtear maisc aghaidhe san Indinéis, sa Mhalaeisia agus i Singeapór le linn shéasúr smúiteáin na hÁise Thoir. Bíonn an-tóir ar mhaisc scagtha aeir i stíl mháinliachta ar fud na hÁise agus mar thoradh air sin, tá go leor cuideachtaí tar éis maisc a scaoileadh a chuireann cosc ní amháin ar análú cáithníní deannaigh aeriompartha ach atá faiseanta freisin.[6][7]