Nineteen Eighty-Four
From Wikipedia, the free encyclopedia
Úrscéal diostóipeach Béarla leis an scríbhneoir Sasanach George Orwell is ea Nineteen Eighty-Four a foilsíodh an chéad uair sa bhliain 1949. Baineann an scéal le fear darb ainm Winston Smith agus ar an uirísliú a fhaigheann sé ón stát ollsmachtach ina gcónaíonn sé. Mar aon le Brave New World le Aldous Huxley agus Fahrenheit 451 le Ray Bradbury, tá sé ar ceann de na saothair dhiostóipeacha is iomráití ar domhan.
Cineál | saothar liteartha |
---|---|
Cárta innéacs | |
Údar | George Orwell |
Teanga | Béarla agus Newspeak (en) |
Foilseachán | an Ríocht Aontaithe, 1949 |
Dáta a bunaíodh | 1948 |
Tréith | |
Príomhábhar | surveillance state (en) , cearta daonna, freedom of thought (en) agus ollsmachtachas |
Seánra | ficsean eolaíochta sóisialta, ficsean polaitiúil, ficsean eolaíochta agus ficsean diostóipeach |
Carachtair | |
Suíomh scéalaíochta | Londain Oceania (en) |
Gradam a fuarthas | |
Gradam a fuarthas | Barr-100 Leabhar Ficsin Eolaíochta agus Fantaisíochta de chuid NPR 100 Leabhar na hAoise de réir Le Monde 20th Century's Greatest Hits: 100 English-Language Books of Fiction (en) |
Cuid den tsraith | |
Tá an leabhar aistrithe go 62 theanga, agus chuaigh sí i bhfeidhm go mór ar an mBéarla; tá dlúthbhaint anois ag téarmaíocht an leabhair (an "Nuachaint", Newspeak as Béarla) agus ag ainm a húdair le cúrsaí príobháideachta agus slándála i gcoinne an stáit. Measadh ó am go chéile gur ábhar réabhlóideach agus contúirt fholaithe a bhí ann agus mar sin, cuireadh cosc ar an leabhar ina lán leabharlann i dtíortha éagsúla. San Aontas Sóivéadach, bhí an leabhar toirmeasctha go dtí gur bhain peireastráice agus gleasnast Míchail Gorbaitsov an chuid ba mhó de na srianta den chead cainte agus de shaoirse na foilsitheoireachta.[1]