Nursultan Nazarbaev
From Wikipedia, the free encyclopedia
Státaire Casacach is ea Nursultan A'bis'uly Nazarbaev a rugadh ar 6 Iúil 1940. B'é an chéad uachtarán ar an gCasacstáin ó 1991-2019.[1] Ceapadh é mar Chéad Rúnaí Pháirtí Cumannach na Casacstáine sa bhliain 1989 nuair a bhí an Chasacstáin fós ina poblacht de chuid an Aontais Shóivéadaigh, agus toghadh é ina uachtarán ar an tír sa bhliain 1991 i ndiaidh don Chasacstáin a neamhspleáchas ón Aontas Sóivéadach a bhaint amach. Tá an teideal 'Ceannaire an Náisiúin' bronnta air.[2] In Aibreán na bliana 2015, atoghadh Nazarbaev mar uachtarán le beagnach 98% de na vótaí.
Cuireann roinnt eagraíochtaí cearta daonna sárú cearta daonna ina leith, agus dar leis The Guardian, tá easaontas curtha faoi chois agus rialachas forlámhach ar siúl aige. San Iarthar, ní ghlactar go raibh toghchán ar bith sa tír ón neamhspleáchas saor ná cothrom.[3] Sa bhliain 2010, d'fhógair sé céimeanna leasaithe chun córas ilpháirtí a chur ar siúil.[4] In Eanáir na bliana 2017, chuir an tUachtarán Nazarbaev leasuithe bunreachtúla i bhfeidhm a bhronnfadh cumhachtaí ar Pharlaimint na Casacstáine.[5]