Galarvíreasach a ionsaíonn damhna liath chorda an dromlaigh go tobann is ea Polaimiailíteas (nó póilió). Tá an téarma díorthaithe ón nGréigis πολίός "liath", , µυελός "corda an dromlaigh", agus -iteas, a sainchiallíonn "athlasadh".
Tolgtar an víreas ó bhia nó uisce truaillithe, agus cuireann sé isteach ar pháiste go príomha. Ionsaíonn sé na cealla i líneáil na stéige ar dtús, agus faigheann an páiste buinneach.
Ansin, i dtimpeall 1% de na cásanna, gluaiseann sé isteach i gcealla néarón luadrach i gcorda an dromlaigh, na néaróga a sholáthraíonn na matáin ar fud na colainne.
Má mhilltear na cealla sin, cuirfidh sin tús le pairilis a fhéadfaidh cur isteach ar ghéag. Más néaróin a sholáthraíonn na scamhóga a mhilltear, is féidir go mbeidh sé sin marfach. Mharaigh is mhíchumasaigh an galar an-chuid páistí is daoine fásta sa chéad leath den 20ú céad, nuair a thugtaí an naíonphairilis air agus nach raibh aon leigheas air.
D'fhionn Jonas Salk an chéad vacsaín i gcoinne polaimiailítis i 1953, agus le vacsaíní is feabhsuithe i sláinteachas, is ar éigin nach bhfuil deireadh curtha leis faoi seo.[1]