Péist chrúcach
From Wikipedia, the free encyclopedia
Cúis shuntasach ainéime is drochshláinte i ndaoine i dtíortha trópaiceacha is réigiúin theo eile, a tharlaíonn de bharr néimeatóide a ghreamaíonn mar a bheadh crúca inti le líneáil na stéige bige is a shúnn fuil. Beireann na péisteanna aibí uibheacha a eisfheartar sa tuar, agus tagann na larbhaí astu. Faightear an galar nuair a éiríonn leis na larbhaí craiceann daoine atá ag obair cosnocht ar thalamh fhliuch a threá.[1]