Ríthe na Mí
From Wikipedia, the free encyclopedia
I nÉirinn na meánaoise, de Chlann Cholmáin, géag Uí Néill, ba ea Ríthe na Mí. Bhí roinnt acu ina nArd-Ríthe na hÉireann. Tar éis briseadh na ríochta sa 12ú haois, cuireadh an ruaig ar a rítheaghlach, Uí Maoil Seachlainne, agus lonnaigh suas ar bhruach oirthir na Sionainne. Faightear uaisle na nGael agus an ainm úd acu chomh déanach is na 1690idí, cé gur chaill suas a gcuid cumhachta tamall fada roimhe sin.
Bhí Ríocht na Mí féin ann ón luath-ré stairiúil ar a laghad. D'fhéadfadh é gur den Dál Messin Corb a tháinig na ríthe, agus a rítheaghlach 'sacu, Uí Garrchon, ina Ríthe na Laighean. Óna 400idí ar aghaidh ámh, cuireadh an ruaig orthu as a dtír dúchais i dtuaisceart na Laighean agus thar Sléibhte Chill Mhantáin ag Uí Néill.