Robert Fico
polaiteoir Slóvacach / From Wikipedia, the free encyclopedia
Dlíodóir agus príomh-aire na Slóvaice (2006-2010, 2012-2018, agus 2023-) is ea Robert Fico (a rugadh ar an 15 Meitheamh 1964).[1] Tá sé go mór i bhfách leis an eite dheis, duine coimeádach a bhfuil an-luí aige leis an Rúis (agus an Maifia b'fhéidir).[2] Chaith Fico deich mbliana mar phríomh-aire (2006 - - 2018) sular athraigh dúnmharú an iriseora Ján Kuciak cúrsaí sa tír ó bhonn sa bhliain 2018.[1]
Rinne Fico an-teacht aniar in 2023, rud a chur iontas ar go leor daoine. is pearsa conspóideach i gcónaí é Fico, mar gheall ar a éilimh chun deireadh a chur le cúnamh míleata don Úcráin agus stop a chur leis na smachtbhannaí eacnamaíochta ar an Rúis.[3] Bíonn Fico ag gríosú an fhuatha, ag geáitseáil don slua agus a athraíonn a phort go minic.[4]
Mar gheall ar a phobalachas agus a pholasaí ar son na Rúise, déantar comparáid idir Fico agus Viktor Orbán na hUngáire. Tá ardmholadh tugtha ag Fico d'Orbán as tosaíocht a dhéanamh den Ungáir.[5]