Roberto Benigni
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is aisteoir agus stiúrthóir é Roberto Benigni. Saolaíodh Benigni ar an 27 Deireadh Fómhair 1952 san Iodáil. Bhuail sé lena bhean chéile Nicoletta Braschi nuair a bhí sí ag aisteoireacht ar an gcéad scannán a stiúradh Benigni Tu Mi Turbi.
Ainmníodh a scannán La Vita è bella (1997) seacht n-uaire le haghaidh na duaiseanna 'Academy' i 1998. Bhain Benigni an duais don scannán iasachta (scannán nach bhfuil sa Bhéarla)is fearr agus arís don aisteoir is fearr. Bhain Nicola Piovani an Oscar don scór is fearr leis an scannán La Vita è bella freisin.
Thosaigh Benigni ag aisteoireacht i mBéarla i Meiriceá don chéad uair i ngearrscannáin Jim Jarmusch Coffee & Cigarettes (1986), gearrscannáin a bhí mar pháirt don scannán Coffee & Cigarettes (2003) agus arís sa scannán Down By Law. Bhí sé sa scannán Night on Earth le Jim Jarmusch mar stiúrthóir ach bhí sé ag aisteoireacht san Iodáilis sa scannán agus bhí an scannán lonnaithe sa Róimh.