Satarn (pláinéad)
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is é Satarn (arb ionann é mar fhocal agus Satharn nó Saturnus, dia na talmhaíochta ag na Rómhánaigh) an séú pláinéad ón ngrian sa ghrianchóras, agus é ar an dara ceann is mó. Tá sé 119,300 ciliméadar ar trastomhas, agus ní mhaireann an lá ach deich n-uair a chloig go leith, rud a dhéanann cothromú ar na poil. Hidrigin is mó atá san atmaisféar agus bíonn stoirmeacha fíochmhara le feiceáil ón domhan. Cuireadh suntas ó thús i gcóras fáinní Satarn agus san iliomad gealach atá ag an bpláinéad. Tá 31 cheann acu ainmnithe agus is é Tíotán an ceann is mó acu. Tá Tíotán chomh mór céanna le Gealacha Galileo, an ceathrar gealach mhóra atá ag timpeallú Iúpatair. Is é Tíotán an dara gealach is mó sa Ghrianchóras, agus é beagáinín níos lú ná Ganymede atá ar an gceann is mó de Ghealacha Galileo.
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Satarn | |||
---|---|---|---|
Cineál | fathach gáis agus pláinéad lasmuigh | ||
Eapainm | Satarn agus Wu Xing (en) | ||
Réad tuismitheora | An Ghrian | ||
Réad linbh | Tíotán Pan Daphnis (en) Atlas (saitilít) Prometheus Pandóra Epimetheus Janus Aegaeon (en) Mimas Methone (en) Anthe (en) Pallene (en) Enceladus Tethys Telesto (en) Cailíopsó Kiviuq (en) Helene Dione Polydeuces (en) Rhea Hyperion Iapetus Ijiraq (en) Phoebe Skathi (en) Albiorix (en) Bebhionn (en) Skoll (en) Tarqeq (en) Greip (en) Siarnaq (en) Hyrrokkin (en) Tarvos (en) S/2004 S 13 (en) Jarnsaxa (en) S/2004 S 17 (en) Mundilfari (en) Bergelmir (en) S/2006 S 1 (en) Aegir (en) Narvi (en) S/2004 S 12 (en) Bestla (en) Suttungr (en) Farbauti (en) S/2004 S 7 (en) Hati (en) Thrymr (en) S/2006 S 3 (en) Fenrir (en) Fornjot (en) Surtur (en) Kari (en) Ymir (en) Loge (en) rings of Saturn (en) S/2009 S 1 (en) S/2007 S 2 (en) S/2007 S 3 (en) Themis (en) E Ring (en) G ring (en) C ring (en) F ring (en) B ring (en) A ring (en) D ring (en) Phoebe ring (en) S/2004 S 6 (en) S/2004 S 4 (en) S/2004 S 3 (en) Paaliaq (en) Erriapus (en) Earhart (en) Blériot (en) Santos-Dumont (en) Curtiss (en) Hinkler (en) Kingsford Smith (en) Lindbergh (en) Post (en) Richthofen (en) Sikorsky (en) Wright (en) Peggy (en) Gridr (en) S/2004 S 21 (en) Angrboda (en) Skrymir (en) S/2004 S 24 (en) Gerd (en) S/2004 S 26 (en) Eggther (en) S/2004 S 28 (en) S/2004 S 29 (en) Beli (en) Alvaldi (en) | ||
Aois | J2000.0 | ||
Sonraí fithiseacha | |||
Apaipsis | 1,503,509,229 km[1] 10.11596 AU | ||
Pearaipsis | 1,349,823,615 km (arg (ω): 92.59888)[1] 9.04808 AU (arg (ω): 92.59888) | ||
Ais mhór a | 1,429,394,069 km[2] agus 9.53667594 AU[3] | ||
Éalárnacht e | 0.05386179[3] | ||
Tréimhse fhithiseach P | 10,757.7365 d[4] | ||
Tréimhse shionodúil | 378.0944 d | ||
Meán-Aimhrialtacht M | 317.02 °[5] | ||
Claonadh i | 2.48599187 ° ↔ éiclipteach[6] 5.51 ° ↔ Solar equator (en) 0.93 ° ↔ invariable plane (en) [3] | ||
Fad an nóid éirithigh Ω | 113.66242448 °[3] | ||
Saintréithe fisiceacha agus réaltmhéadracha | |||
Fad ón Domhan | 1,195,000,000 km (peirigí) 1,660,000,000 km (apaigí) | ||
Ga | meán: 58,232 km[7] meánchiorcal: 60,268 km[7] molach: 54,364 km[7] | ||
Trastomhas | 120,536 km[8] | ||
Leacú | 0.09796 | ||
Dearbhmhéid | 28 | ||
Méid dhealraitheach (V) | 1.2 (banda V) −0.24 (banda V)[5] | ||
Trastomhas uilleach | 14.5 "–20.1 "[9] | ||
Achar dromchla | 42,700,000,000 km²[5] | ||
Mais | 568,360 Yg[10] | ||
Toirt | 827,130,000,000,000 km³[5] | ||
Meándlús | 0.19 kg/m³ 0.867 g/cm³[5] | ||
Imtharraingt dromchla | 8.96 m/s²[5] | ||
Dronairde (α) | 2h 42m 21.36s[5] | ||
Diallas (δ) | 83° 32′ 13.2″[5] | ||
Ailbéideacht | 0.47 (ailbéideacht gheoiméadrach) 0.342 (ailbéideacht Bond) | ||
Teocht an dromchla |
| ||
Cuid de | grianchóras lasmuigh | ||
Le cuid |
Thug na spástaiscéalaithe úd Pioneer 11 (1979) agus Voyager 1 agus 2 cuairt ar Shatarn agus thimpeallaigh an taiscéalaí úd Cassini an phláinéid ón 1 Iúil 2004 go deireadh an mhisin sa mhí Mheáin Fómhair 2017.
Cosúil le hIúpatar, Úránas, agus Neiptiún, is gásfhathach é Satarn. Is é sin, tá an chuid is mó den phláinéad féin comhdhéanta as na gáis chéanna atá ina atmaisféar - hidrigin thar aon dúil eile. Mar sin, níl sé furasta a shainmhíniú go sásúil, cá dtagann deireadh leis an atmaisféar agus tús leis an bpláinéad féin. Is léir go bhfuil croíleacán cloiche taobh istigh, ach tá sé i bhfad níos lú ná an pláinéad ina iomlán.