Seasmain
From Wikipedia, the free encyclopedia
Tom caol nó dreapaire adhmadach, uaireanta síorghlas. Na bláthanna feadánach, le liopaí ag leathadh amach. Caor an toradh uirthi. Sa tseasmain geimhridh, tom síorghlas de dhúchas Síneach, tá 3 dhuilleoigín ar gach duilleog is bláthanna geala, buí sa gheimhreadh. Ar sheasmain an tsamhraidh, dreapaire duillsilteach de dhúchas Áiseach, tá duilleoga cleiteacha is bláthanna bána, cumhra sa samhradh.[1]