Stiogma
From Wikipedia, the free encyclopedia
I bplandaí bláthaithe, tugtar stiogma[1][2] ar an gcuid den chairpéal a fhaigheann an phailin. Cabhraíonn táil ghreamaitheacha, dromchlaí roctha nó ribí le bailiú is coimeád na pailine. I bplandaí a bhailíonn an phailin ón ngaoth, bíonn na stiogmaí cleiteach go minic, rud a mhéadaíonn an fhairsinge tadhaill. Iontu siúd a bpailníonn feithidí iad, is minic a bhíonn an stiogma iompartha ar stíleanna fada chun gur féidir leis an phailin a bhailiú ó cholainn na feithide.[3]