Teannóg
From Wikipedia, the free encyclopedia
Orgán lena ngreamaíonn plandaí dreapaire le tacaíochtaí. Díorthaítear iad ó dhuilleoga modhnaithe, géaga nó bláthraí. Cornann an chuid is mó de na teannóga timpeall na dtacaíochtaí, ach i gcásanna eile críochnaíonn siad i mburla greamannach, cosúil le súiteoir. Tá cuid an-bheag díobh fótatrópach agus fásann isteach i scoilteanna dorcha sa tacaíocht.[1]