Tír Chonaill
From Wikipedia, the free encyclopedia
Ríocht Ghaelach na meánaoise ba ea Tír Chonaill, air go garbh áit a bhfuil Contae Dhún na nGall i gcúige Uladh an lae inniu. Ag a hachar is mó, bhí inti cuid de chontaetha in aice léi. Áit dúchais Chineál Chonaill de chuid Uí Néill an Tuaiscirt a bhí inti.
Ó thús a bunaithe ag Conall Gulban sa 5ú haois, fo-aonaid Ailigh ba ea an tuath, i dteannta le Cineál Eoghain, gaoil Chineál Chonaill trí Niall Naoighiallach, mar a mhaíodh. Thángadar i réim agus cumhacht na nUladh ag dul i léig, a laghdaigh a riocht in oirthuaisceart na cúige.
Sa 12ú haois, scaradh ríocht Ailigh in dhá leath. D'éirigh an tuath Chineál Chonaill ina Tír Chonaill, faoi cheannas Uí Domhnaill. Tharla troid ann i rith Cogadh na Naoi mBliana ag deireadh na 16ú haoise. Sa bhliain 1607, tugadh le chéile é i Ríocht na hÉireann faoi riail na Sasanach, tar éis Teitheadh na nIarlaí, Ruairí Ó Domhnaill, 1d Iarla Thír Conaill ina measc.