Ulaid
From Wikipedia, the free encyclopedia
Ard-ríocht nó 'cúige' i n-oirdheisceart na hÉireann le linn na meánaoise ba ea Ulaid. Cónaidhm dreamanna nó finte éagsúla a bhí ann.[1] Mhaígh roinnt rítheaghlach san ard-ríocht gur de shliocht na nUlad féin iad (Dál Fiatach, srl), agus eile de shliocht na gCruithne (Dál nAraidi, srl).
- Féach freisin Cúige Uladh
Thugtaí Rí Ulad nó Rí in Chóicid (Rí an Chúige) ar an rí.[2][3][4] I gcáipéisí staire, séard atá i gceist leis an téarma Ulaid ná an dream, agus an Dál Fiatach ina rítheaghlach air.[4] Dá bharr, bhíodh dhá bhrí leis an teideal Rí Ulad: rí na hard-ríochta agus/nó rí an dreama.[2][4]
Feictear na hUlaid go suntasach sa Rúraíocht, cnuasach scéalta de chuid miotaseolaíocht na nGael. De réir na seanscéalta úd, luíodh críocha ársa na nUlad le cúige Uladh an lae inniu, gan Contae an Chabháin, ach Contae Lú san áireamh.[1][5] Síneadh a theorainn theas ón Drobhaois san iarthair go dtí An Bhóinn san oirthear.[1][5][4]
Ag tús an ré stairiúil in Éirinn sa 6ú haois, bhí críocha na nUlad teoranta taobh thoir den Bhanna. Deirtear gur ghéill siad tailte d'Oirialla agus Uí Néill an Tuaisceart.[1] Tháinig deireadh le hUlaid mar ríocht Ghaelach sa 12ú haois, nuair a chloígh an ridire Angla-Normannach, John de Courcy, iad, agus tháinig Iarlacht Uladh i réim.[1]