Unach gheal
From Wikipedia, the free encyclopedia
Planda ilbhliaintúil le bun mór bán cosúil le tiúbar is ea an unach gheal nó uranach gheal (Bryonia alba). Dúchasach don Eoraip, iarthar na hÁise agus tuaisceart na hAfraice. Na gais fada caol, ag dreapadh le teannóga, na duilleoga trí- nó cúigliopach bosach fiaclach. Na bláthanna glasbhán, le 5 pheiteal, na fireannaigh 12-18 mm ar leithead, na baineannaigh níos lú agus ar phlandaí difriúla. An chaor 5-8 mm ar leithead, agus athraíonn a dath ó ghlas go bán, flannbhuí, is ar deireadh, dearg.[1]
Fíricí Gasta Bryonia alba, Tacsanomaíocht ...
Bryonia alba | |
---|---|
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Cucurbitales |
Fine | Cucurbitaceae |
Treibh | Bryonieae |
Géineas | Bryonia |
Speiceas | Bryonia alba L., 1753 |
Dún