An Dairis
canúint den Pheirsis / From Wikipedia, the free encyclopedia
Canúint de chuid na Peirsise a labhraítear san Afganastáin is ea an Dairis.[1][2] Is é “Dari” ainm na teanga atá aitheanta agus curtha chun cinn go hoifigiúil ag rialtas na hAfganastáine ó 1964 i leith.[3] Ba de bharr cúinsí polaitíochta níos mó ná difríochtaí teangeolaíochta a tugadh ainm difriúil ar an teanga, mar thaca le scéal na hAfganastáine mar stát aontaithe.[4] Seachas cúpla miondifríocht sa stór focal, is beag difríocht atá idir Peirsis fhoirmiúil scríofa na hAfganastáine agus na hIaráine; tuigeann cainteoirí an dá theanga a chéile. Úsáidtear an téarma “Dari” go hoifigiúil ar chanúint labhartha na Peirsise san Afganastáin, ach b'fhearr an téarma seo a úsáid ar an tsainréim fhoirmiúil amháin. Is fearr le lucht labhartha na Peirsise san Afganastáin “Farsi” a thabhairt ar an teanga, toisc go gcreidtear gur bhrúigh an pobal Paistiúnach (atá i dtreis sa tír) an t-ainm “Dari” orthu, in iarracht na nascanna cultúrtha, teangeolaíochta, agus stairiúla idir an Afganastáin agus domhan na Peirsise (an Iaráin, an Táidsíceastáin, agus cuid den Úisbéiceastáin) a bhriseadh.[5][6] Is í an Dairis an teanga oifigiúil do 35 milliún Afganastánach san Afganastáin[7] agus is francbhéarla í do chumarsáid idireitneach san Afganastáin.
دری | |
---|---|
Cineál | teanga, canúint na Peirsise agus teanga bheo |
Canúint na | an Pheirsis |
Úsáid | |
Cainteoirí dúchais | 9,600,000 (2011) |
Dúchasach do | an Afganastáin |
Stáit | an Afganastáin |
Aicmiú teangeolaíoch | |
teanga dhaonna teangacha Ind-Eorpacha teangacha Ind-Iaránacha teangacha Iaránacha teangacha Iaránacha Iartharacha teangacha Iaránacha iardheisceartacha New Persian (en) an Pheirsis | |
Tréithe | |
Córas scríbhneoireachta | aibítir na Peirsise, script Araibise, Q4363761 agus aibítir Arabach |
Cóid | |
ISO 639-3 | prs |
Glottolog | dari1249 |
Linguasphere | 58-AAC-ce |
Ethnologue | prs |
ASCL | 4105 |
IETF | prs |