Contae Aontroma
contae i dtuaisceart na hÉireann / From Wikipedia, the free encyclopedia
Tá Contae Aontroma[1] (Béarla: County Antrim) suite i gCúige Uladh, ar chósta thoir thuaidh Loch nEathach, agus tá achar de 2,844 km² aige. Cónaíonn thart ar 616,000 daoine ann, rud a chiallaíonn go bhfuil an daonra is mó i dTuaisceart Éireann mar aon leis an darna ceann is mó in Éirinn aige. Tá sé mar pháirt de chúige Uladh.
Contae Aontroma | |||||
---|---|---|---|---|---|
Antrim (en) Aontroim (ga) | |||||
Ainmnithe in ómós | Aontroim | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | an Ríocht Aontaithe | ||||
Comhthír na Ríochta Aontaithe | Tuaisceart Éireann | ||||
Príomhchathair | Aontroim | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 618,108 (2011) | ||||
• Dlús | 217.34 hab./km² | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | Tuaisceart Éireann | ||||
Achar dromchla | 2,844 km² | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | Loch nEathach, An tAigéan Atlantach agus Sruth na Maoile | ||||
Ar theorainn le | |||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Logainm.ie | 100000 |
Meallann Glinntí Aondroma na mílte turasóir chun an chontae achan bhliain agus is suíomh Oidhreachta Dhomhanda de réir UNESCO é Clochán an Aifir (nó Clochán na bhFórmorach mar a thugtar air fosta) ar an chósta thuaidh. Tá clú ar Mhuileann na Buaise as an uisce bheatha atá á dhéanamh ann leis na céadta bliain, agus aithnítear Port Rois mar an lonnaíocht mhara is cáiliúla i dTuaisceart Éireann ó thaobh líonn na gcuairteoirí air de, áit atá ann ina mbíonn craic ar dóigh de ló is d'oíche de réir tuarascála. Tá an chuid is mó de Bhéal Feirtse, an chathair is mó i dTuaisceart Éireann, lonnaithe sa chontae agus tá an chuid eile dí i gContae an Dúin. De réir an tseanchais is ar Shliabh Mis i dtuaisceart an chontae a chaith Pádraig Naofa bunús a shaoil óig.