Aidbhint
From Wikipedia, the free encyclopedia
Tugtar séasúr na hAidbhinte ar an tréimhse ceithre seachtaine díreach roimh Nollaig (na ceithre Dhomhnach roimh an Nollaig). Is tús bliain na hEaglaise an chéad Dhomhnach den Aidbhint in Éirinn. Ciallaíonn an focal ‘Aidbhint’ ‘teacht i ngar (nó "i ndúil")’[1].
Fíricí Gasta Lipéad sa teanga dhúchais, Cineál ...
Lipéad sa teanga dhúchais | (la) adventus |
---|---|
Cineál | séasúr liotúirgeach |
Cuid de | bliain liotúirgeach agus Christmas and holiday season (en) |
Le cuid | |
Dún
Seo tús an Bhliain Liotúirgeach Críostaí san Iarthar (ach ní hí an Aidbhint an chéad séasúr den bhliain in Eaglaisí an Oirthir).[2] Is séasúr é a chabhraíonn le Críostaithe ullmhú mar is cóir don Fhéile Mhór.[3] Díríonn an séasúr aigne agus meon an Críostaí ar theacht an Linbh Íosa.