Eipigéineolaíocht
From Wikipedia, the free encyclopedia
Sa bhítheolaíocht, is éard is eipigéineolaíocht ann ná an staidéar ar athruithe ar léiriú na géine atá le fáil le hoidhreacht go miotóiseach agus nach dtarlaíonn athrú sa tseicheamh ADN air dá mbarr.[1] Tugann an réimír Sean-Ghréigis: epi- (ἐπι- "thar, lasmuigh de, timpeall") sa téarma eipigéineolaíocht le tuiscint go bhfuil gnéithe “ar bharr” nó “sa bhreis" ar an bhonn géiniteach traidisiúnta le haghaidh oidhreachta.[2]