Géineolaíocht
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is disciplín bitheolaíochta í an Ghéineolaíocht (ón Sean-Ghréigis γενετικός genetikos, "ginideach" agus ó γένεσις genesis "bunús" [1][2][3]), ina ndéantar staidéar ar oidhreacht agus éagsúlachtaí.[4][5]
- Tá léargas sách simplí le fáil ar an ábhar seo ag Bunús na géineolaíochta.
Is éard is ábhar don ghéineolaíocht struchtúr móilíneach agus feidhmiú na ngéinte, agus iompar na ngéinte i gcill nó in orgánach (e.g. ceannas agus eipigéineolaíocht), patrúin oidhreachta, agus dáileadh, malartú agus athrú i bpobail. Is féidir tairbhe a bhaint as an ngéineolaíocht agus staidéar á dhéanamh ar na córais bheo go léir – víorais, baictéirí, plandaí, ainmhithe, daoine agus eile.
Síleadh riamh anall go bhfaigheann orgánaigh tréithe le hoidhreacht agus gur féidir tairbhe a bhaint as seo chun feabhas a chur ar phlandaí agus ainmhithe. Ach ba é Gregor Mendel ba thúisce a rinne taighde eolaíoch ar an oidhreachtúlacht, obair a thosaigh i lár an 19ú haois.[6] Cé nár thuig sé bunús fisiciúil na hoidhreachta, thug Mendel faoi deara go bhfaigheann orgánaigh tréithe le hoidhreacht trí aonaid oidhreachtúla a dtugtar géinte orthu anois.
Freagraíonn na géinte do réigiúin áirithe laistigh den DNA, móilín ar slabhra de cheithre shaghas de núicléitídí é. An t-eolas géiniteach a fhaigheann orgánaigh le hoidhreacht tá sé le fáil i seicheamh na núicléitídí. Tá dhá dhual sa DNA agus núicléitídí i ngach ceann acu a oireann dá chéile. Is féidir leis na duail a bheith ina dteimpléid ag duail nua, rud a ligeann do na cealla cóip a dhéanamh de ghéinte inoidhreachta.
Athraíonn na cealla seicheamh na núicléitídí i ngéin chun slabhra aimínaicéad a dhéanamh agus próitéiní a chruthú: tá ord na n-aimínaicéad i bpróitéin de réir ord ord na núicléitídí i ngéin, rud a dtugtar an cód géiniteach air. Socraíonn aimínaicéid na próitéine an chuma thríthoiseach a tharraingíonn sí uirthi féin, struchtúr a chuireann an phróitéin ag feidhmiú ar shlí áirithe. Is iad na próitéiní a dhéanann beagnach gach rud a choinníonn na cealla beo. Féadann athrú ar an DNA i ngéin aimínaicéid na próitéine a athrú, rud a d’fhéadfadh sin lorg suntasach a fhágáil ar an gceall agus ar an orgánach féin.
Cé gur mór an bhaint atá ag na géinte le cruth agus le hiompar orgánach, ní mór taithí na n-orgánach a chur san áireamh freisin chun an scéal iomlán a thuiscint.